School: Tulca (roll number 1396)
- Location:
- Tullaha, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulca
- XML Page 305
- XML “Paidreacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- PaidreachaUimh. 1. Beirimíd buidheachas an bheatha-so lenár Slánuightheoir, Íosa Críost, an Té a thug an bheatha so dúinn go dtugaidh Sé beatha shíoraighe agus leabaidh Chríostaidhe dár n-anmanna, go dtugaidh Sé réidhteach ar ár gceasnachaibh agus díol ár seana-fhiacha agus biadh gan aitheas gan náire. Go dtugaidh Dia mór na glóire dúinn i gcómhnaidhe é.
Beannacht Dé le hanmanna na marbh go léir, Caitilicigh i bpurgadóireacht agus na seacht sinnsear d'fhág sinn; agus má tá aon smut nú dorchadas ón saoghal so - dearmad Aifrinn, nú briseadh lá shaoire nú Domhnaigh go dtógaidh (dtógfaidh sa lámhscríbhinn) Dia dena hanmanna bochta é.Uimh. 2. Paidir eile
Tá ceithre cúinne sa leabaidh
Tá ceithre aingeal timcheall orm
Má gheibhim bás sara ndúiseóchadh
Do Dhia tugaim mo anam le tógaint.
Amen.Ó Phádraig Ó Súilleabháin, Milíní, [An] Bunán.(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Suilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Milleens, Co. Kerry
- Informant
- Tadhg O Úrdail
- Gender
- Male
- Address
- Tullaha, Co. Kerry