School: Landsdowne (Cuar na gCoileach) (roll number 6091)
- Location:
- Coornagillagh, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Shúilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá Caisleán a Chaillíghe suidhte i slíabh de Sléibhte Ceachain in áit a dtugtar "Carn" uirthi. Deireadh go mbiod an Fiadh Cailleac 'na chóinnuighe ar bharr an chnuc seo .na cíantaibh ó shoin. Dhein ri caisleán de chloca mora anso agus tá cloca le feiscint go flúirseac annso dós agus chuala daoine á rádh go bfhuil sliogáin ann chómh flúirseac le na cloca féin.
Ba iongantac an duine í an cailleac úd agus is [?] lion go mbíodh cailleac eile ar an dtaobh thuaidh den bágh ar Crúaca Dúbha[?] ar barr chnuc ann agus bhíodh an beirt cailleac ag caitheamh na bfaill treasna an bágha ar a céile agus tá cloc aoil i bhfeirm Dhómhnaill Uí Shúilleabháin i nDoirin a Calaid a chaith an cailleac a bhí ins na Cruaca Dúbha anonn go Damhros agus maireann an beal oideas so i nDamros fós.
Bean iongtanac í a dheineadh na trí gaiseí so gach maidin roimh breacfast di gach maidin Gheimridh
Gheibheadh sí an bradán geal ón Lamhan (i gCill Airne
Agus an [?] ó Bhealac [?] (ar an dtaobh tuadh de Bágh Neidín
An oilise o Contae an Cláir
Agus an [?] sliogán ó Cuan Dor (Golandorg)(continues on next page)- Collector
- Helena O' Sullivan
- Gender
- Female
- Informant
- Seaghan Ó Raighne
- Gender
- Male
- Age
- c. 40
- Address
- Coornagillagh, Co. Kerry