Scoil: Bunaneer (uimhir rolla 10242)
- Suíomh:
- Bunaneer, Co. Kerry
- Múinteoir: Siobhán Ní Choncubhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bunaneer
- XML Leathanach 318
- XML “Oíche Shamhna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)amach a gcaithfidh siad a ré nádúrta ar an saoghal i dteannta céile. Cun san fágail amach, faghtar baisín uisce agus cuirtear an dá cnó dóighthe isteach ann, agus má fanann siad ar barr an uisce ní bfaghaidh siad bás go dtí go mbeadh a ré nádúrtha caithte, ach má thuiteann ceann aca fé an uisce caillfear é nó í.
Rud eile
Faghtar trí báisíní, agus cuirtear cré i gceann aca, fainne sa tarna ceann, agus uisce sa tríomhadh ceann, Aoine go mbeidh fonn air fios fágail ar cad a bheidh ‘n a chóir i rith na bliadhna nó cad do tuitfidh amach do roimh Oidhche Shamhna arís. Cuirfear ciarsúir ar súilibh agus anson caithfidh sé dul fé dhéin na h-áite go mbeidh na báisíní. An faidh a bheidh sé ag deanamh fé na ndéin, atharócaid duine éigin a bheidh láithreach iad i dtreó as na beadh a fios aige ciaca ceann go gcuirfeadh sé lámh ann. Má cuireann sé a lámh sa bháisín an fháinne pósfar é fé ceann bliadhna, má cuireann sé a lámh san uisce raghaid sé tar fairge. agus má bíonn sé de míádh air a lámh a chur sa cré gheobhaid sé bás.- Bailitheoir
- Siobhán Ní Chonchubhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Siobhán Bean Uí Chonchubhair
- Inscne
- Baineann