School: Bunaneer (roll number 10242)
- Location:
- Bunaneer, Co. Kerry
- Teacher: Siobhán Ní Choncubhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Bunaneer
- XML Page 321
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)iad, innis an scéal na láthair agus cimil do lámh do bhonn an chrainn agus leighisfir an Rígh".
Bhí ionghantas mór ar an nduine uasal nuair a chonnaic sé cos agus lámh ar a mnao féin, ingean an Rígh, ach d'innis sí sin do gach nídh dá ndúbhairt an Gráineóg léi.
Nuair a bhí a clann a n-aois thóg sí léi iad mar a dubharthas léi. Nuair a chuaidh sí go tigh an Ríogh níor d'aithnigh an rígh í nuair a bhí sí cómh slán agus a bhí sí riamh. Bhí dochtúirí as gach uile áit in Éirinn ag freastal ar an Ríogh acht theip ortha aon mhaitheas a dhéanamh dó. Do shuidh an ingean síos in aice an Ríogh. D'innis sí an scéal ó thúis deireadh dá clainn a gcómhclos don ríogh. Annsan chimil sí a lámh do chois an ríogh agus thuit an crann.
Níor bheag san mar cómh luath agus tháinig an chéad rae sholuis lá ar n-a mháireach chroc sé an tsean-chailleach agus thug sé a dhuthaigh dá inghín agus do'n duine uasal- Informant
- Siobhán Bean Uí Chonchubhair
- Gender
- Female
- Age
- 83
- Address
- Dromlusk, Co. Kerry