School: Gort na Scairbhe (roll number 14902)
- Location:
- Gortnaskarry, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cobhthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean ann fadó agus ní fhuair sí aon im as bainne na mbó. Chuaidh sí go dtí duine críóna tuigsionach a bhí 'na chomhnuidhe inaice léi agus d'innis sí a cás dó. Dubhairt sé léi bheith ag feáchaint go maith timcheall cró na mbó nuair a raghadh sí ag crúdh ar maidin agus innsint do féin dá féacadh sí aon fear, bean nó ainmhidhe ar an am a bheadh sí ag crúdh. Bhí fuinneóg ar fhalla an chró agus nuair a chuaidh sí isteach ar maidin chonnaic sí cat bán in a luighe ar an bhfuinneóíg agus é ag crónán dó féin. D'innis sí an sgéal don bhfear agus dubhairt sé léi an tlú a dheargadh ar an dteine go math is nuair a raghadh sí isteach ag crúdh is dá mbeadh an cat ann lapa an tlú a ropa tré shuil an chait agus dá ritheadh sé leis feín faire go maith cá raghadh sé. Dhein sí mar a dubhairt sé léi agus bhí an cat ar an áit céádna agus é ag crónán(continues on next page)