Scoil: Gort na Scairbhe (uimhir rolla 14902)
- Suíomh:
- Gort na Scairbhe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cobhthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann fadó agus ní fhuair sí aon im as bainne na mbó. Chuaidh sí go dtí duine críóna tuigsionach a bhí 'na chomhnuidhe inaice léi agus d'innis sí a cás dó. Dubhairt sé léi bheith ag feáchaint go maith timcheall cró na mbó nuair a raghadh sí ag crúdh ar maidin agus innsint do féin dá féacadh sí aon fear, bean nó ainmhidhe ar an am a bheadh sí ag crúdh. Bhí fuinneóg ar fhalla an chró agus nuair a chuaidh sí isteach ar maidin chonnaic sí cat bán in a luighe ar an bhfuinneóíg agus é ag crónán dó féin. D'innis sí an sgéal don bhfear agus dubhairt sé léi an tlú a dheargadh ar an dteine go math is nuair a raghadh sí isteach ag crúdh is dá mbeadh an cat ann lapa an tlú a ropa tré shuil an chait agus dá ritheadh sé leis feín faire go maith cá raghadh sé. Dhein sí mar a dubhairt sé léi agus bhí an cat ar an áit céádna agus é ag crónán(leanann ar an chéad leathanach eile)