School: Seana-Caiseal (roll number 16745)
- Location:
- Shanacashel, Co. Kerry
- Teacher: Máire, Bean Uí Fhoghludha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí rí in Eirinn fadó agus bhí trúir mac aige. Ántach Artúr agus Maonisín. Caithead sé a shaoghal go léir ag rith i ndiaidh arm agus armáil. Lá chuaidh sé go dtí a cheann comhairle agus dubhairt sé leis. "Is greannmhar an rí tú ag caitheamh do shaoghal go léir i ndiaidh arm agus armáil agus neart duit féin arm agus armáil a bheith agat comh maith le h-aon rí nó prionnsa" "Is fíor duit" adubhairt an rí, " agus cuir sé gairm scoile amach ar a ríoghacht agus bhailig sé suas arm agus armáil.
Lá bhí an rí agus an t-arm amuigh ag driláil connacadar cúca tríd an fairrge curracán aoibhinn áluinn aoncosa agus gan ann acht aon imtheachtaí amháin Gaiscidhig. "Och tá sé teacht fé ár ndéin" adubhairt an rí agus ba ghearr gur bhuail sé cuan.(continues on next page)