School: Braighde (roll number 11343)
- Location:
- Bridia, Co. Kerry
- Teacher: Máire C. Ní Chonchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Braighde
- XML Page 241
- XML “Pádraig Ua Dalaigh”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)d'oscail sé an geata agus do leig sé isteach é gan mhoill é féin agus na seacht gcéad peacaoidí a rug sé ó Iffrin.
(no title)
“Do bhí fear ina cómhnuidhe i gCathar Sómhnaill in aimsir Dhómhnaill Ui Connaill...”
Do bhí fear ina chómhnuidhe i gCathar Dómhnaill in aimsir Dhómhnaill Ui Connaill. Mícheál Ó Séaghdha an ainm a bhí air. Feirm beag abhí aige agus ní raibh sé ró=shaidhbhear. Do bhí parson san áit agus do béigin do gach aoinne chíos a dhíol dó cun é féin agus an teampuil Protustúna do coimeád suas. Do bhí fear ag bailiú an cíosa dó. Lá áirighthe bhuail sé isteach do Micheal Ó Séaghdha chun an cíos d'fhághail acht in ionad an cíosa is é rud a thug Mícheál do ná bataráil maith. Níor fhág sé acht an t-anam ann. Cúpla lá i na dhiaidh sin cé bhuail isteach le Micheál acht an báille le barántas mar gheall ar an éagcóir a déin sé. Tháinig árdeagla ar Mhícheal ansan mar bhí fhios aige go raibh an dlige ina coinnibh. Dimthig sé go Dómhnaill Ó Connaill chun chomhairle d'fhághail. Do bhí Donaill ag pléa cúíseanna dlighe ós cómhair an breithimh san am san . Dubhairt Domhnall le Mícheal go(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Muircheartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Bridia, Co. Kerry