School: Gleann Beithe
- Location:
- Glenbeigh, Co. Kerry
- Teacher: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Beithe
- XML Page 311
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bean de Burcach.
Baile na Cille,
Gleann Beithe
A Aois 53 bl.Cistí Óir i bFolachBaile na Cille uachtarach ainm na h-áite na bhfuil an t-ór i bhfolach.
Bhí fear ann fadó d'ar b'ainm Seán Mhac Suibhne. Bhí corcán óir aige.
Nuair a bhí sé críona do thuit breóiteacht air.
Bhí eolas aige go raibh sé ag fáil bháis.
Bhí a bhean chéile agus a mhach sa tigh leis.
Do chuadar go dtí an sráid lá.
Faid a bhíodar amuigh d'eirigh sé amach as a leabhaidh agus chuir sé an corcán i bhfolach i gclochán Michíl Uí Fhoghladha.
Fuair sé bás agus ní raibh aon t-éolas ag a mhach cá raibh an t-ór.
Timcheall fiche blian ó shoin bhí taidhbhreamh ag fear san mbaile fearainn seo go raibh an corcán sa gclochán. Chuaidh sé féin agus beirt fear eile cun an corcáin d'fhághail.
Do bhíodar ag réabhadh an chlocháin. Tháinig eagla ortha agus chuadar abhaile agus fuair an triúr fanntais agus níor chuadar fé na dhéin o shoin. Do chuir rud éigin sgannradh mór ortha - gleó éigin a chualadar agus níor chuaidh einne á lorg ó shoin ac deireann mo mháthair go bhfuil an corcán óir ann mar chuala sí é ó na sean daoinibh.Brighidh de Búrcach
Baile na Cille.Bean de Búrcach
Gleann-beithe
Aois 53 bl.- Collector
- Brighidh de Bhúrcach
- Gender
- Female
- Address
- Ballynakilly, Co. Kerry
- Informant
- Bean de Bhúrcach
- Gender
- Female
- Age
- 53
- Address
- Glenbeigh, Co. Kerry