School: Gleann Beithe
- Location:
- Glenbeigh, Co. Kerry
- Teacher: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Beithe
- XML Page 328
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tugtar an Inid ar an aimsear ó Lá le Stiopháin go Céadaoin na Luaithridh.
Le linn an ama sin deintear na cleamhnais, go mór mhór fé an dtuaith.
'S é Máirt na h-Inide an lá déanach cun pósta roimh an gCarghaos.
Bíonn fleadh ins gach tig. Deintear pancóga mar ní bhíonn sodhlaistí againn ó Máirt na h-Inide go Domhnach Cásga.
Tugtar Oidhche na Sgeilge ar an oidhche sin. Deintear dánta i dtaobh na ndaoine ionphósta agus gheibhtear mórán spóirt asta.
Deineann muinntir na tuaithe cleamhnaisí i rith na h-Inide.
Buachaill a bhíonn cun pósta, gheibheann sé cara nó gaol de féin - cainteóir maith cun an cleamhnais d'eunamh.
Stócach a glaodhtar ar an bhfear san.
Téigheann siad go tig an chailín agus buidéal 'na phóca ag an mbuachaill óg. Bíonn siad go grádhmar agus go gealgáireach i dtig an chailín.(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Ríoghbhardáin
- Gender
- Female
- Address
- Kilnabrack Lower, Co. Kerry
- Informant
- Bean Uí Rioráin
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Kilnabrack Lower, Co. Kerry