School: Gleann Beithe
- Location:
- Glenbeigh, Co. Kerry
- Teacher: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Beithe
- XML Page 343
- XML “Na Prátaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tugann an mháthair an dinnéar cun na páirche do's na fearabih, agus tugann sí aire do'n tig. Baintear na prátaí le rámhan no le h-inneall bainte prátaí 'san bFóghmhar. Piocann óg is aosta iad. Cuirtear isteach i mbuicéidíbh iad agus cuirtear isteach i málaibh iad i lár na páirche.
Tarrainghtear isteach i bpoll mór tirim iad, a bhíonn déanta cheana, insan dtalamh, agus caithtear na prátaí isteach.
Cuirtear tuighe ar dtúis ortha, ansan cré agus scraitheanna sa deire, cun an tseacha agus cun tsneactaidh do coimead amach uaithi.
Má ná cuirtear i bpoll iad, tarrainghtear istach i dtig iad nó i n-áirde ar lochta. Más anáirde ar lochta atáid, castar is iompuightear iad, mar nuair a bhíonn siad le chéile lobhann siad.
Bíonn an páirc ag feuchaint go lom ansan. Deintear a lán úsáid le na prátaí - ithtear iad, tugtar na criocáin do's na h-ainmhidthibh agus bíonn cuid acu mar prátaí síl i gcóir an Earraig. Ní foláir prátaí do cur cúpla bhlain as a chéile i bpáirc, mar bíonn an cré ró lag.
I ndiaidh prátaí bheith curtha dhá bhlain as a chéile i bpáirc curtar eórna, seagal nó coirche insan bpáirc. Cuireann an cuid is mó de'n na feirmeóiribh na prátaí leis an gcéacda anois i driollannaibh.
Dúntar na driollanna leis an gcéacda agus(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Ríoghbhardáin
- Gender
- Female
- Address
- Kilnabrack Lower, Co. Kerry
- Informant
- Máire Bean Uí Riordáin
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Kilnabrack Lower, Co. Kerry