School: Gleann Beithe
- Location:
- Glenbeigh, Co. Kerry
- Teacher: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Beithe
- XML Page 392
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- .Ainm an Aithriseóra: Seán Ó Riordáin,
A Seoladh: Curraicín, Gleann Beithe.
A Aois: 75 bl.SgeulDo comhnuigheadh tighearna talmhan Gallda i Sráid an Mhuileann i gCo. Corcaighe.
Crom sé ar caisleán a dheanamh insan dúthaigh agus fuinneóga gloine a cur air.
NÍor chualadar ainm gloine riamh 'san áit sin, ná ní raibh fhios acu cad é an sórt rud é.
Fuair sé ualach gloine ó Shasana agus tháinig sé isteach i gCuan Corcaighe. Glaoidh sé ar cuid des na tinnóinte dul a d'iarraidh an gloine.
Ní raibh aon trucaillí ann an t-am san agus fuaradar dhá capall déug agus úmaca cun é do tharraingt.
Bhíodar amach ar feadh dhá lá ar an mbóthar agus ní raibh aon tuairisg ortha. Tháinig trioblóid ar an tighearna talmhan. Dubhairt sé lena seirbhíseach capall agus cárr d'fhagháilt.
D'imthigheadar araon ar a dtuairisg. Ní rabhadar imthighthe dhá mhíle nuair a caill an capall crú. Bhí ceardachain i n-aice leótha. Chuaidh sé isteach agus dubhairt sé do'n gabha gur theastuig crú ó'n gcapall gan mhoill, agus má ná dheunfaidh sé go tapaidh é go lámhach a mhaighistir é. Dubhairt an gabha ná raibh pioc iarainn aige a dheunfadh an crú do.(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Ríoghbhardáin
- Gender
- Female
- Address
- Kilnabrack Lower, Co. Kerry
- Informant
- Seán Ó Riordáin
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- Curraheen, Co. Kerry