School: Waterville (C.) (roll number 16015)
- Location:
- Waterville, Co. Kerry
- Teacher: Helen O' Sullivan
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Scéal eile Púchaí (Cathair Domhnall) Co. Ciarraighe.Bhí buachaill aimsire ag Séamus Ó Fianncaig ar an gcáisleann i gCathair Domhnall. Bhí sé ar aigne dul fé dhéin tairbh go Baile 'n Sceilg is do chuaidh sé a codhladh tráthnóna luath séasúr a d’fhonn chun go n-eireochaidh sé go moch ar maidin cun dul sa chúrsa. Bhí sé i meadhon oidhche san am gur mhothuig sé agus cheap sé go raibh an lá ann. Do thómain sé leis agus é ag seana bhóthair Cúm a Cisde ní raibh aon lá ann. Do bhuail an t-Athar Muiris leis a bhí caillte bliadhna roimis sin. Do bhí aithne maith aca ar a chéile. Do labhair an tAthar Muiris cuige. Dubhairt sé leis gan aon ‘notice’ a thógaint daoine a bhuailfead leis agus a lámh dheas dó’n bhóthar. Ní fada bhí sé gur bhuail an camtha leis. Bhí capall is marcaigh ann is bhí sgannradh air. Mara mbeadh an méid adubhairt an sagairt leis, bheadh sé ní ba mheasa. Ní raibh aon lá aige go dtí gur glan sé an Curráin. Thug sé a chúrsa agus t’réis teacht abhaile do bhuailfeadh bréoidhthe é is thug sé leath bliadhain ‘na luighe.