School: Waterville (C.) (roll number 16015)

Location:
Waterville, Co. Kerry
Teacher:
Helen O' Sullivan
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 137

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 137

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Waterville (C.)
  2. XML Page 137
  3. XML “An Sprid”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sé annsan go baile beag a bhí geairid do thig a mhuinntir agus chuaidh sé isteach ansan i bPublic House ann agus ní raibh aon duine istigh ann ach péidlear. Thóg sé gloine chuige féin agus gloine go dtí an péidlear. “D’óladar agus bhíodar tamáillín ag caint, agus glao’ sé an cheann eile chúha ‘reán agus bhíodar tamáillín ag caint. Glaoidh sé a triú ceann a’d’ól sé féin agus a’ péidlear é. “Téanam abhaile” arsan péidlear, “agus táimíd ró-déanach, mar tá sprid ‘a d’fheiscint sa bhóthar go ngeóimíd an’. “Ná bac san,” arsan buachaill. D’imíodar ortha agus ní fada d’ón bhóthar a bhíodar nuair a bhuail a’ sprid ‘á rómpa ar a’ mbóthar – i lár a’ bhóthair. “Bhuel inis, luigh isteach fé’n dtor,” arsan buachaill leis an bpeidléar, “agus ‘neosa’ tú cad é’n críoch bháis imeóig orm-sa má mharuíonn a’ sprid mé. Siúd fé chéile an sprid agus an buachaill agus nuair a bhíodar cortha ó bheith a’ gabháilt dhá céile ar an dtalamh, agus iad féin a’ stollad chéile, agus an buachaill ‘á chosaint féin chómh maith a d’fhéad sé, dhéire sí sa deire as a chionn anáirde agus nuair a bhí sí teacht anuas air luigh sé ar a leathghlúin agus chuir sé an “bayonet” tríthe anáirde. “Tairig inis irís,” arsan sprid. “Fág go h-aon ní mar thá,” arsan péidlear, agus níor thairig sé i nao’ chor an “bayonet” aisti. Thuit sé annsan anuas ‘na carn glóthaighe ar an dtalamh gan aon ruaine anam agus ní fhéadfadh aenne gabháil an bóthar lár na mháireach le bláth bréan tíompall a’ bhóthar; agus d’fhán sí annsan riamh ó shin; agus níor din sé díobháil d’aenne riamh ó shin : agus níor din sé díobháil d’aenne riamh ó shin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish