School: Waterville (C.) (roll number 16015)
- Location:
- Waterville, Co. Kerry
- Teacher: Helen O' Sullivan
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ná a chuid stuic do dhiothú ins gach aon slighe go dtacaidís ortha – iad do chuir ins na barrailibh dóibh féin agus ins na draipeanna. Do dhéineadar mar a dubhrathas leo.
Bhí eagla annsan ortha nach fios cad é an ríogar a d’imtheochadh ortha nuair nach mbeadh a chuid stuic roimh Mhac an Fhiolair. Bhí aon fhear amháin do bhfearr ná triúr go dtugaidís Tadhg na Stiall air, agus bhí eagla an Domhain air sin. Dubhairt duine éigin gonta:
“An té a chídhfeadh Tadhg na Stiall;
‘S é ag gabháilt tríd Shliabh an Imeallaigh;
Níor mheasa leis “Fiolar” na dhiaidh
Ná sean-bhean liath go mbeadh gunna aici.”
Ní dhó san a thagrann an scéal anois, ach do Mhuiris Connraoi, figheadóir a chuaidh ‘na chliamhain isteach i gceann des na tighthibh. Bhí dritheáracha céile sa tigh agus thugadar leó cuid de bethidhigh “Fhiolar”. An méid nár itheadar úr acu, do chuir ar salann iad. Ní raibh aon bhaint ag a’ gConnraoich leis an bhfeóil agus níor mhaith leis go bhficfeadh sé í. Do sciomáladh sé corcán na feóla chun na prátaí do bheirbhiughadh dhó féin. D’imthigh sé de dhearmhad air uair nár sciomáil an corcán, agus d’fhan cuid éigin de dheascaibh na feóla sa chorcán. Do luigh Dia lámh air agus do chailleadh é. Nuair a dheagaidh sé go doras Parrthais, bhí na beithidhigh roimis ann(continues on next page)