School: Waterville (C.) (roll number 16015)
- Location:
- Waterville, Co. Kerry
- Teacher: Helen O' Sullivan
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Faigh an chanfás agus na h-ursanna, a Shíle agus buailfeadh-sa síos na bioráin. Cá bhfuil mo lámh-ord-sa nó an amhlaidh chuaidh sé amudha uainn. Ó Dhe, dhe, dhe! ná fuil an canfás leathta fós agat? Seadh, chuir uait é a agus tarraing an téadán so. Tarraing, tarraing. Seadh, ní beag dhuit de. Déin a cheangail. Tá sé “all right” anois.
Ariú, cad d’imthigh ar leath-chois tosaigh an bhuird seo? Ní h-éidir gurab amhlaidh bhrisis í. M’anam do Dhia ‘s do Mhuire, ach tá sí briste glan agat. Faigh spaicín éigint a chuirfeadh faoi an turas so. Tóg amach an bórd eile úd. A ‘in é an ceann deiridh? Is é a bhuidhe le Dia. Seadh, táid siad go léir ‘na seasamh anois againn.
Raghad-sa in áirde ar an dtrucaill agus tiubhrad an síoda agus an sróll duit. Seo fé n-ár ndéin Máire Sheagháin Óig agus nídh nach iongnadh, béidh adhbhar gúna nuadh ag teastáil uaithi mar airighim go mbeidh sí do pósadh tar é’s an Charrghais.
Do dhíol Seaghán dhá bhuin indiu, agus tá an t-airgead go reisseamhail aige.
Cad tá san mbosca úd? Leathar. Seadh, coimeádfadh annso go fóilín é. Tóg uaim na boscaí seo. Seadh, tá gach éinnídh as an dtrucaill anois agam.(continues on next page)