School: Waterville (C.) (roll number 16015)
- Location:
- Waterville, Co. Kerry
- Teacher: Helen O' Sullivan
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Pádraig Naomhtha agus an Scadán Nuair a bhí Pádraig ag taisteal Éireann fuair sé chuireadh tráth amháin ag dul go tigh Páganaigh.
Chuaidh sé agus fuair sé go raibh fleadh mhaith ullamh roimhe.
Ach fealltóir a bhí insan Pháganach agus bhí nimh curtha aige thríd an mbiadh le súil Pádraig a mharbhadh. Bhí cailín aimsire ag an Pháganach agus is Críostaidhe a bhí innti agus ba mhór an meas a bhí aici ar Phádraig. Ba h-é an chéad rud a leagadh síos ag Pádraig scadán maith reamhar, agus nuair a bhí an cailín aimsire d’a fhagháil síos aige dubhairt sí: “Maise, mo sheacht grádh an scadán nár gabhadh ariamh le na ghoile.”
Thug Pádraig chuige an focal a thuit ó’n chailín, agus d’éirigh sé agus gan caitheamh bídh nó díghe dhó, theit sé ó’n tigh.