School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)
- Location:
- Kells, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Fiannachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cealla (Kells)
- XML Page 018
- XML “Scéalta Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fear críona a bhí sna Ghleann-bheithe fadó. Domhnall Ó Murchadha ab ainm do. Ní raibh aon ana-thigh ná ana saidhbhreas ag an nduine mbocht agus bhí an Márta ag déanamh air. Bhí ana-scannradh ar Domhnall roimh a' Márta agus ní h-aon inongnadh é mar is minic a thug an strannséir seo scannradh dá leithéad. Ní réidhthígheann an droch-aimsir leis an nduine críona, tá's agat. Fé dheire dein sé suas a aighne cun a bhotháinin bheag deataig a' fháaint agus do thiománad é an cóisde clúduigthe súas go dtí an óisbeidíl leis na (?) máchailídhthe eile bhí easba coiseachta air, agus níor fhéád sé síubhal ann. Seadh ar an slíghe dóibh cúadar tar tigh óil. D'íarr Domhnall cead teacht anúas cun deoch d'fháail ach d'eithígheadh é "Seadh má's sead" adubhairt sé leogfaidh mé do, go mbeadh-sa ag fille abhaile, má thiocfadh thar nais ach b'féídir go gcríochnóchadh an Márta mé, ach is cume cé'n díabhal cúcha" bfíor don bhfear mbocht níor tháinig an fear bocht tar nais beó agus do ghaibh sé thar an tigh tabhairne céadna 'na cómhrainn agus níor íarr sé aon deoch an úair seo. Tá sé curtha sa Cíll i Gleann Beithe agus Baile na Cille is ainm den áit agus go dtabharfaidh Día na glóire suaimhneas síoraide d'á anam.
- Collector
- Díarmuid Ó Láoinsigh
- Gender
- Male
- Address
- Kells, Co. Kerry
- Informant
- Máire Bean Uí Láoinsigh
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Kells, Co. Kerry