School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An Br. B. L. Mac Eoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal:-
Sgéal Grinn.
Bhí fear ann fadó agus bhí sé na chómhnuidhe i gCathair Saidhbhín. Bhí capall agu[s] cóiste aige agus san aimsir sin ní raibh aon chapall ná cóiste ag aoinne eile mór dtimcheall na háite. Bhí dúil aige sa bhraon agus nuair a bhíodh an tól tóghtha aige bhíodh sé crostálta. Aon lá amháin bhí sé ag troid le fear eile. Tháinig na píléirí agus do bheireadar air agus do thógadar leo go dtí an mbeairric é. Lá na cúirte chuir an breitheamh deich sgillinge fíonálá air nó mí sa phriosúin. Nuair a tháinig na píléirí ar lorg an fíonála dubhairt sé leó ná dhíolfhadh sé an fhíonáil. Leig sé leó é a thógaint go dtí an phriosún agus nuair ná raibh aon tslighe eile chun é thabhairt go dtí an bpriosún ach le na capall agus a chóiste féin dubhairt sé go gcaithfeadh sé dhá phúnt dfághail(continues on next page)- Collector
- Domhnaill Ó Muircheartaigh
- Gender
- Male
- Informant
- Pádraig Ó Ceallaig
- Gender
- Male
- Address
- Portmagee, Co. Kerry