Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)
- Suíomh:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Múinteoir: An Br. B. L. Mac Eoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ainmeacha Greannamhra
Bhuail fear siúbhail isteach i dtig oidhche a' deánamh amach ar deire na h-oidhche. Tugadh cead do bheith istigh. Bhí sé féin agus fear a' tighe ag cómhrádh le chéile. "Cad a thabharfá úirthe sin? arsa fear a' tighe leis an mbacas [!] agus do theaspáin sé an cailín óg a bhí ar fuaid a' thighe dho. "Cad thabhafainn [!] uirte" arsan bacach, "ac cailín"? "Ní h-eadh" arsan fear eile "Eala an ghrinn í sin." Cad thabharfá uirthi sin"? ar seisean leis ag teaspáint na con. "Cad eile ach cú?" arsan bacach. "Sodar' a thugaimse uirthe sin," arsa an feirmeóir. "Socair-buinn a thug sé ar na bróga, "Ciuineas" ar an gcat, an "Glóir Mhoir" ar an dteine, "Suimhneas" ar an leabhaidh, "Iomadamhlacht" ar an uisge agus an "Righeact" ar an thigh. Sara gcuaidh sé a chodhladh chuir se de gheasaibh ar an mbacach na nithe sin go léir a bheith aige nó imtheáct chun bóthar ar maidin gan a bhreicfeast. Ar maidin chnag an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Ó Griobhtha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- New Market Street, Co. Kerry