School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)
- Location:
- Cahersiveen, Co. Kerry
- Teacher: An Br. B. L. Mac Eoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
- XML Page 032
- XML “Scéal - An Gréasaí agus na Sióga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal
An gréasaidhe agus na sídheó[ga]
Bhí gréasaidhe ann fadó agus bhí tigh beag deas aige. Dheineadh sé bróga maithe agus bíodh sé ag obair moch déanach. Cuaidh an saoghal na choinnibh agus lá amháin ní raibh de leathar aige ach an méid a dhéanfadh péidhre bróg amháin. Gear[r] sé an leathar agus dfág sé ar an mbord é. "Déarfhaimíd ár bpaidreacha agus raghaimíd a chod[la]dh" arsa an gréasaidhe. Nuair d'eirigh sé ar-maid[in] chonnaic sé peidhre bréagh bróg ar an mbórd agus bhí áthas mór air. Níor bhfada go dtáini[gh] fear isteach agus cheannuigh sé na bróga. Cheannuigh sé leathar leis an airgid a fuair sé ar an bhpeidhre bróg. Ghearr sé an leathar agus chuaidh sé a chodhladh. Nuair a eirigh sé ar maidin ambháireach bhí dhá pheidhre bróg ar an mbórd agus bhíodar déanta níos deise ná an peidhre an oidhche roimis sin. Tháinigh beirt fear isteach agus cheannuigheadar na bróga. Lean an sgéal mar sin ar feadh i bfad. Dfághadh an gréasai[dhe] leathar ar an mbórd gach oidhche agus nuair(continues on next page)- Collector
- Domhnaill Ó Muircheartaigh
- Gender
- Male
- Informant
- Fionán Ó Muircheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- New Street, Co. Kerry