Scoil: Cill Rialaigh (uimhir rolla 14988)

Suíomh:
Cill Rialaigh, Co. Kerry
Múinteoir:
Séamus B. Ó Lúbhaing
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 413

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 413

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Rialaigh
  2. XML Leathanach 413
  3. XML “Conas Mar Éirigh le Domhnall Ó Séaghdha agus Domhnall na mBó ar a dTuras ag Teacht ó Mhargadh Chorcaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Do bhain agus is amhlaidh a bhí fear curtha innte ó indé roimis san. “Tóg amach an fear san” ar seisean “agus bain an aibíd de.” Do b’éigin dó. “Bain díot do chuid éadaigh féin anois” a dubhairt sé " agus cuir ar an bhfear marbh iad." Do chuir. “Cuir ort féinigh an aibíd anois” a dubhairt sé. Do chuir. “Buail ar do dhrom an fear marbh anois.” Do dhein. “Gluais ort anois” a dubhairt sé.
    Bhíodar ag cur díobh agus níor stadadar gur thángadar go dtí an tigh. Chuir sé síos sa tseómra arís mar a raibh sé. D’fhág sé an aibíd air. Do bhuail sé an glas air. Dubhairt sé fanúint annsan go nglaodhfadh sé féin air.
    D’éirigh Domhnall na mBó ar maidin. Chuir sé tuairisg Dhomhnaill Uí Shéaghdha. Dubhairt fear a tighe go raibh Domhnall Ó Séaghdha imthighthe abhaile le dhá uair a’ chluig. As go bráth le Domhnall na mBó chun teacht suas le Domhnall Ó Séaghdha, dar leis féin. Nuair a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT2412B: (The Man Who Had No Story)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maidhchín Shéainín
    Ainmneacha eile
    Maidhchín Shéainín
    Mícheál Ó Siochfhradha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    31
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Buaile Uí Chuill, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an Sceilg, Co. Kerry