Scoil: Cill Rialaigh (uimhir rolla 14988)
- Suíomh:
- Cill Rialaigh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Séamus B. Ó Lúbhaing
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Rialaigh
- XML Leathanach 414
- XML “Conas Mar Éirigh le Domhnall Ó Séaghdha agus Domhnall na mBó ar a dTuras ag Teacht ó Mhargadh Chorcaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thánaigh Domhnall na mBó abhaile taréis na h-oidhche a thuitim ní raibh aon tuairisc ar Dhomhnall Ó Séaghdha tagaithe.Do bhuail fear a' tighe chuige an fear marbh ar chapall Dhomhnaill Uí Sheaghdha, agus níor stad sé gur thánaigh sé go Cathair Dómhnaill leis. Do chualaidh stoc a' tighe glór a chapaill ag teacht go dtí an doras agus is amhlaidh a thuit Domhnall Ó Séaghdha (dar leó féin) ar thuirist marbh anuas de'n chapall chucha. Do thógadar leó isteach é agus chuarduíodar a phócaí. D'aithníodar an t-éadach, cheapadar. Bhí airgead an ime 'na phócaí. Bhíodar lán-t-siúráltha gurb é Domhnall Ó Séaghdha a bhí ann. Dheineadar é thórramh agus chuireadar Dé Satharn é.Ist oidhche Dé Satharn do thóg a' fear leis Domhnall Ó Séaghdha agus an aibíd air agus níor stad sé gur thug sé go doras a thighe féin é, i gCathair Domhnaill. Do bhuail Domhnall Ó Seaghdha an doras agus do h-oscladh dó agus nuair a fuair sé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maidhchín Shéainín
- Ainmneacha eile
- Maidhchín Shéainín
- Mícheál Ó Siochfhradha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 31
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí