Scoil: Cill Rialaigh (uimhir rolla 14988)

Suíomh:
Cill Rialaigh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Séamus B. Ó Lúbhaing
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 415

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 415

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Rialaigh
  2. XML Leathanach 415
  3. XML “Conas Mar Éirigh le Domhnall Ó Séaghdha agus Domhnall na mBó ar a dTuras ag Teacht ó Mhargadh Chorcaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an doras oscailthe isteach leis. Nuair a chonnaic muinntir a' tighe chúcha isteach é agus an aibíd air do scrannuíodar mar do cheapadar gur b'amhlaidh a bhí sé ais-éirighthe. Sa t-siubhal leó agus níor stadadar gur bhaineadar an tigh ba ghiorra dóibh amach agus d'ínnseadar an sgéal annsan. Do bhóltáileadar san an doras ar eagla go leanfadh sé go dtí é sin mar thigh iad. Thug an fear bocht an oídhche i n-aonar, agus ní fhéadfadh sé a dhéanamh amach cad na thaobh gur theith na h-éinne uaidh.
    Bhí an Dhomhnach amáireach ann. Chonnaic sé na daoine ag dul go dtí an t-Aifreann. D'imthigh sé féin chun dul go dtí an t-Aifreann comh maith leó. Na h-éinne a chífeadh é do bhídís ag gearradh trí chonngar na bpáirceanna uaidh. Chuaidh sé isteach sa t-Séipéal agus má chuaidh do theith geach a raibh istigh sa t-Séipéal amach. Bhíodar ag pasáilt a chéile d'iarraidh an doras a bhaint amach. Ba ghearr go raibh an séipéal fé féin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT2412B: (The Man Who Had No Story)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maidhchín Shéainín
    Ainmneacha eile
    Maidhchín Shéainín
    Mícheál Ó Siochfhradha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    31
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an Sceilg, Co. Chiarraí