School: Cill Rialaigh (roll number 14988)
- Location:
- Cill Rialaigh, Co. Kerry
- Teacher: Séamus B. Ó Lúbhaing
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá ba, capall, asal, beithidhigh agus gamhna againn sa bhfeirm. Tá cúig bó againn “Bléinfhionn”, “Smólach” “Deorach”, “Druimfhionn” agus Geadach. Bíonn siad amuich gach oídhche go dtí go dtagann an Nodhlaig, fé mar a deir seana fhocal. Foghmhar gach síon go Nodhlaig. Cionus a glaodhtar ar na cearca, “tuc”, “tuc”, “tuc”, ar na lacain “fíonach, fíonach, fíonach”, ar na n’géana “beadaidhe, beadaidhe¸ beadaidhe”. Tá ainim againn ar gach pháirc, Páirc an Duar” sin í an pháirc na mbíonn na ba na chodladh ann, “Páircín Doimhin” sin í an pháirc na mbíonn foithin ann ó gach aon ghaoith, “Páirc na mbealach” sin í an pháirc in n-aice claidh na teórann idir sin féin agus taobh thuaidh, páirc eile i n’aice na h-abhan go bhfuil an seana-fhocal ag baint leis, sé seo an seana-fhocal. “Cois abhann síos agus cois abhann suas tá foithin ó’n ngaoith adtuaidh ann is teas ar an ngaoith andeas tá a h-agaidh sa n’gréin agus a chúl sa t-sioc”, páirc eile atá againn iseadh “Páircín an Chlover”, tá sí ar aghaidh an tíghe amach tá luibh éigin ann mar aon ainmhídhe a raghadh isteach ann(continues on next page)
- Collector
- Síle Ní Laoí
- Gender
- Female
- Address
- Bólas, Co. Kerry
- Informant
- Máighréad Ní Mhurchadha
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Address
- Bólas, Co. Kerry