Scoil: Castleplunkett (uimhir rolla 15545)
- Suíomh:
- Castleplunket, Co. Roscommon
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Castleplunkett
- XML Leathanach 154
- XML “Pislín is Strúilín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar lorg a bhfortúin. Nuair a bhíodar ag imtheacht dubhairt Pislín le Strúilín an doras a tharraingt in a diaidh. Do bhain Strúilín an doras d'á bhacáinibh agus do lean sí Pislín agus agus í ag tarraingt an dorais in a diaidh. Nuair a bhíodar sgathamh ar an mbóthar do shuidheadar síos le na sgíth a leigint. Bhí carn cloch i naice leo agus do líon Pislín a chuid pócaí le clochaibh deasa, cruinne. Le tuitim na hoidhche tháinigeadar go dtí coill agus dubhhradar le na chéile go rachaidís suas ar chrann leis an oidhche a chur tharrtha. Thugadar an doras suas leo agus do chureadar caoi air 'sa gcrann agus do shuidheadar síos air. Nuair a bhí sé in a oidhche tháinig trúp (paca) gaduidhthe agus do shuidheadar síos fán gcrann. D'fhaduigheadar teine agus thoisigheadar ag roinnt mála óir eatorra. Do chaith Pislín cloch síos agus do bhuail sé gaduidhe aca ar bhárrr a chinn leis an gcloich. Do cheap an gaduidhe gurbh é an fear a bhí le n-a' ais a bhuail é agus do thug sé dornóg dhó thar an gcluais agus d'éirigh an troid eatorra. Do chaith Pislín cloch eile síos agus do bhuail sé gaduidhe(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- S.S. Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Mac Luachra
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gortnasillagh, Co. Roscommon