School: Athgarvan, Curragh (roll number 13350)

Location:
Athgarvan, Co. Kildare
Teacher:
Bean Mhic Niocaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0776, Page 185

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0776, Page 185

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Athgarvan, Curragh
  2. XML Page 185
  3. XML “Scéal R”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal R (continued)

    Ní raibh focal Béarla ag seanmháthair m'athair - Bean Uí Gealbháin ab ainm dí.

    (continued from previous page)
    na madraí ar shideóga an tsaoghail. Dubhairt sí nár mhaith an gníomh dóibh laogh a goid ó bhaintrig bhocht go raibh cúram trom uirthi, agus go raib sé sin dona go leór gan a cuid bainne a ghoid uaithi anois. Bhuail sé cupla leang leis an mbata ar an gclaidhe a bhí mórthimceall an leasa agus thug sí a dubh-shlan do shideóga na hÉireann agus d'innis si doibh nach fada a beadh a cuid bainne-se acu go dthiomainfeadh sí an bhó go dtí an chéad aonach a bheadh i nInis agus go ndiolfadh si ann í.
    Do dhein sí amhlaidh, do dhiól sí an bhó cúpla lá 'na dhiaigh sin agus níor chuir na sideóga isteach uirthi ón lá san amach, nó sin mar a deireadh si féin agus i 'na tsean-mhnaoi, pé scéal é, agus má tá bréagh ann ní mise a chum nó a cheap é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Kilmaley, Co. Clare
    Collector
    Bríghid Bean Mhic Niocaill
    Gender
    Female
    Occupation
    Múinteoir