School: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley (roll number 8499)
- Location:
- Runnamoat, Co. Roscommon
- Teacher: Gráinne, Bean Uí Neachtain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhíodh fáilte rompa. Shuideadh na daoine eile & chromadh na cuairteoirí ag damsadh. Bhí ar an mnaoi nua pósta rinnce a dheanamh leo . Géibidís biadh & deoch agus bhuailidís abhaile. Acht anois níl an custaim sin ann. I n-Inid go mór gniti an cleamhnas.
Cuala mé custúm eile a bhíodh ann fadó i dtaobh pósadh.
Amannta cíodh fear cailín éigin & thuiteadh sé in grádh léi. Annsin dá mbeadh fios aige nach dtiubhradh a athair í dó gléasadh sé féin & a chairde & théighidís go dtí teach an chailín san oidhche nuair a bhíodh an líon tighe in a gcodladh & sgiobadh sé an cailín in aimhdheóin a athar in einfeacht leis leis go dtí a theach féin.
Cuireadh sé fios ar an sagart a teacht cun iad-san a pósadh & pósadh iad i dteach an fhir.
Uair amháin bhí cailín & buachaill éigin in grádh leithi. Tháinig sé go dtí a teach sa i meadhon oidhche & sgiob sé í in éinfeacht leis abhaile. Nuair a chuala athair an chailín an sgéal bhí sé ar buille. Chuir sé fios ar na Piléaraibh & thugadar fear an cailín agus(continues on next page)- Informant
- Pádraig Mac Cormac
- Gender
- Male
- Address
- Ballyglass (Mahon), Co. Galway