School: An Clochar, Baile Caisleáin Bhéara (roll number 13762)
- Location:
- Castletownbere, Co. Cork
- Teacher: An tSr. M. Rosáraí
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí aonach san Baile Mhór tamall maith ó shoin agus bhí daoine ó Oileán Baoi ag teacht go dtí an baile seo. An lá sin do báthadh long agus bhí na daoine seo ag dul go dtí an áit 'na raibh an long cun rudaí d'fághail.
Tá an fhairrrge in aice le Oileán Baoi ana garbh agus do báthadh seisear de'n mór-seisear a bhí san bád. Bhí beirt dearbráthar ann. Tá an fear a sabháladh na comhnuidhe in Oileán Baoi fós.
Do bhí de nós ag na daoine ó Oileán Baoi dul isteach i dtig áirithe san Baile. An lá so do connac an bean gurb léi an siopa na daoine seo ag teacht isteach tríd an halla agus isteach i seómra. Do glaodh sí ar an cailín aimsire agus dubhart sí léi dul go dtí an tseómra agus ceist do cur ar na daoine ar cad a bhí uatha. D'imtig an cailín ach nuair a shrois sí an tseómra ní raibh aoinne ann. D'innis sí an méid sin do bean a tighe agus do tháing scrannadh uirthi. Tar éis tamaill do chuala sí gur bádhadh na daoine agus go rabhadar báidhte an uair a bhfeaca sí fein iad.- Collector
- Máire Ní Mhurchadha
- Gender
- Female
- Address
- Felane West, Co. Cork
- Informant
- Eibhlín Bean Uí Murchadha
- Gender
- Female
- Address
- Shanavallyleigh, Co. Cork