School: Clochar na Trócaire (Convent of Mercy)
- Location:
- Skibbereen, Co. Cork
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do cuirti na nósanna seo i dtaithighe Lá Bealthaine i gCatharach tímcheall caogadh bliadhain ó shoin agus cuirtear an ceud trí cinn atáim cun a innsint i dtaithige ann fós.
Eirígheann gach aoinne go h-ana luath an mhaidin sin agus téigheann siad cómh mear is a bhíonn in a gcosaibh go dtí an tobar chun an ceud uisge do thógaint as mar creideann siad go mbíonn leigheas ar ghalar ann. Nígheann siad a n-aghaidh le drúcht na maidhne leis cun gal air na bliadna do coimead uatha.
Tógann siad isteach píosa de ghlasra éigin chun a thaisbeáint go mbíonn tosnú an tSamraidh te againn.
Bíonn na leanbhai ag bualadh a céile le n-eanntoga cun a céile d'ollmhú i gcóir an tSamraidh te.
Tímcheall caogadh bliadhain o shoin ní crúdhadh aoinne i gCatharach ba a chómharsan an mhaidin ceudna mar do creideadar go mbainfaidhís rath na bliadhna de'n bhainne agus ná feadfhadh an(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní hÉigeartaigh
- Gender
- Female
- Address
- Caheragh, Co. Cork
- Informant
- Séarlas Ó hÉigeartaigh
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Age
- 70