School: Clochar na Trócaire (Convent of Mercy)
- Location:
- Skibbereen, Co. Cork
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is mór an méad cómhra atá i measg na ndaoine, go mór mhór muinntear na tuaithe i dtaobh na h-aimsire a bheith bréagh nó fluich nó gaothmhar agus eile.
Seo iad cuid de's na slighe a bhíonn fhios acu cad é an saghas aimsire a bhíonn ag teacht, insan samhradh nuair a bhíonn an gabhairín ruadh le cloisint istoidhche bíonn coinne acu le h-aimsir ana bhréágh ar fad. Nuair a bíonn an ghaoth adtuaidh nó aniar adtuaidh de gnáth bíonn an aimsear fuar, tirim.Má bhíonn tráigh-mhara ana íseal ann bíonn aimsear bréagh le teacht. Má bhíonn lán mhara ana-mhór ann bíonn aimsear fluich agus garbh le teacht.
Nuair a bhíonn cearca ag piocadh a gcleití nó madra ag ithe féir, deirtear go mbíonn droch-aimsear agus fluicras le teacht.Nuair a théigheann an ghrian fé i scamaill dubha, comhra olc iseadh é sin leis. Nuair a bhíonn bogha-cheatha le feiscint san spéir ar maidin, bíonn fluicras le teacht.
Máire Ní Leanáin
Rinn Garóige,
Dún na Séud
Fuaireas ó mo mháthair é.- Collector
- Máire Ní Leanáin
- Gender
- Female
- Address
- Ringarogy Island, Co. Cork