School: An Dúinín (roll number 4444)
- Location:
- Dooneen, Co. Cork
- Teacher: R. Ó Motharua
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Dúinín
- XML Page 125
- XML “Tobar Beannaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá tobar Bearracháin Naomhtha suidhthe i mbaile-fearainn Bóthar an Gleanna timcheall caogad slat ó Chaisleán Uí Dhrisceóil (atá 'na fhothracha anois) agus an fhaid céadna ó roilig an Chaisleáin, atá in úsáid fós. Tá sé cois srotha a ritheann isteach sa fairrge cois na roilge. Fé bhun carraige atá sé, agus beag nach clúduithe le driseóga.Is ar an 3adh lá de Mí na Nodlag a thugann na daoine cúaird ar an dtobar seo acht deirean daoine eile gur ar an 11adh nó an 12adh lá de Mhí na Nodlag a thugann siad an chúaird. Tá lá na h-oilithreachta a' fághail bháis anois. Ní théigheann acht foth duine ann anois.Téightear ann chun paidreacha do rádh in anóir do'n Naomh agus chun an t-uisce d'ól mar leigheas nó cosaint i gcoinnibh fiabhrais ar feadh na bliadhna. Tugtar é d'aoinne ag tuar an fhiabhrais.Deirtear "Go mbeannuighthear, duit a Mhuire" srl trí úaire, annsan deintear Fioghar na Croise sar a n-óltar an t-uisge. Aoinne ag lorg tairbhthe spioradálta, cuirtear "ceirt" nó "bonn naomhtha" ceangailte ar an dtor(continues on next page)
- Collector
- R. Ó Motharua
- Gender
- Male
- Occupation
- Príomhoide
- Informant
- Seámus De Búrca
- Gender
- Male
- Occupation
- Teachta Dála