Scoil: Doire Clathach (uimhir rolla 11931)

Suíomh:
Derryclogh Upper, Co. Cork
Múinteoir:
Éamonn Mac Firbisigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0299, Leathanach 213

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0299, Leathanach 213

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Clathach
  2. XML Leathanach 213
  3. XML “Tradition Regarding Poets - Giota Eile leis”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Aimsir na h-Inide a bhí ann nuair a casadh file eile ar Donncadh.
    Seo mar a labhair an fear eile le Donncadh
    Ag cloiseann tú mór cuid id shúilibh ag pósadh
    D'fan Donncadh ag machtnamh ar fead tamaill agus dubhairt sé.
    Gach n-aon aca mhúscail ar cúrsa an trórd san
    Is ró bheag da chúntas is fonn leo thabhairt domh-sa
    D'imtigh an fear eile leis féin. Bhí mac an fhile sin ag baint prátai in aice an tighe agus nior aithn Donncadh é. Chuir sé seist ar mar seo.
    Donncad - Cad é an baile seo a gharsúin
    An buachaill - Baile na gCrannaí agus na torthaí cúmra
    Donncadh - Cá bhfuil na crainn a gharsúin
    An buachaill - Tá siad annso agat agus a dtorthaí fútha
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Briain
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Dromore, Co. Cork