School: Clochar na Trócaire, Ros Ó gCairbre (roll number 14813)
- Location:
- Ross Carbery, Co. Cork
- Teacher: An tSr. Áilbe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí Cliodhna, bainrioghan sidhe na Mumhan, in a comhnuidhe ar charraig ar a dtugtar Carraig Cliodhna. Bhí fear darbh ainm Seán Seamus in a chomhnhuidhe sa comhursanacht. Lá amháin bhí Seán ag rinnce le n-a lán daoine eile ar an bPatrún in "Abha na h-Inse". Tháinig Cliodhna agus thóg sí Seán agus do choimeád sí le lá is 1 bliadhain é. Do leigeadh sí abhaile é anois is arís ámhthach chun a mhuinntir d'fheiscint. Lá dá raibh sé sa bhaile dubhairt fear feasa leis leigint air go raibh sé an-ceanamhail ar Cliodhna mar go marbhóchadh sí é dá mbeadh sé feargach léi. Bhí mermaid an-cliste in a comhnuidhe in iarthar na h-Éireann, agus tháinig sí ad'iarraidh ar Cliodhna Seán Seamuis do leigint amach. Ar theacht go Carraig Cliodhna di, arsa sí. "Go mbeannuigidh Críost féin duit. Leig amach Seán Séamus, tá sé lá is bliadhain agat." Arsa Cliodhna. "A rhuidín grána, níl sgáth ón gréin ort féin nó inghean leat. Ní leigfead Seán amach go dtí go bfaighead -
Cuig céad gabhar de gabharaibh maola,
Cúig céad asal gan aon crios céasta,
Cúig céad sovereign de phiosaí raolach
Tabhair dom an méid sin nó beidh Seán Féin agam."(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Mionacáin
- Gender
- Female