School: Clochar na Trócaire, Ros Ó gCairbre (roll number 14813)
- Location:
- Ross Carbery, Co. Cork
- Teacher: An tSr. Áilbe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1. Lus na gCnámh: (Comfrey) An luibh seo do bheiriú, ceirín de dhéanamh dhi, agus í chur ar chois leointa, nú ar aon chuid eile don chabhail a bheadh leointe.
2. Miont Fiadhain: (Mint) Do bheiriú agus an t-uisge a scagadg i soithigh eigin agus é ól. B'in leigheas ar thinneas goile.
3. Ruithéal Ríogh: (Herb Robert) Leighisfeadh té déanta den luibh seo bbreoidhteacht ae.
4. Biolar Trágha: Té do dhéanamh leis an gcarrán bú biolar tragha (Scurvy grass) agus é ól. Leighiseann sé dathacha.
5. Cluas Liat: (Coltsfoot) Té d'ól a bheadh déanta de'n eidhean nú cluas liath, leighiseann sé aidíd na seamhóg.
6. Bruitíneach: Aoileach na gcaorach do bheiriú i mbainne agus an deoch d'ól.
7. Losca: Ceirín de bhualtraigh do chur ar an áit loiscithe.
8. Craosgalar: (Thrush) Duine d'fhághail a béarfaí t'réis báis a athar agus anál an duine sin do shéide seacht n-uaire(continues on next page)