School: An Chathair Gharbh (roll number 13896)
- Location:
- Cahergarriff, Co. Cork
- Teacher: Criostóir Ó Dubhghaill
![The Schools’ Collection, Volume 0277, Page 307](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0277%2FCBES_0277_307.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0277, Page 307
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Chathair Gharbh
- XML Page 307
- XML “Cailleach i mBéarra”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)madhbhán fíor ghlan ó Fhaoide, an doileasg o cúanta Cléire, an t-iasg ó leamhan adthúaidh, as an cneamh ó "Ballach Béimis". Innstear an sgeal seo mar geall uirthi.
Lá amháin cúaidh beirt bhúachaill ag baint easgrach in gleann ar a dtugtar "Cúm Naoisil". Deirig troid eatorra mar gheall an an easair agus d'árduigheadar a spela ós cionn a chéile in aoinfheacht agus thuit an bheirt. Tosnuig sé ag cur sneachtaidh agus thuit sé cómh trom gur, gur clúduigheadh gach áit ar feadh coighthíse 'na dhiaidh sin. Núair nár braith a múintear an bheirt bhúachaill ag filleadh abhaile do chúadar á lorg. Chúarduigheadar gac ghleann agus chnoch agus lá amháin do sheas an "Chailleach Bhéarra" ar bhárr Mhioscais agus dúbhairt sí in árd a cinn is a gotha
Cím ón áit na bhfuilim Cnoc Úaire agus Daod,
Cnocán deiridh a' Mhuire agus Cúalach réidh.
Mioscais na gCunnar mar a luighfhidh sneachta agus gaoth,
agus Cum Moisil a' trupaill mar ar cuireadh an da Philip cun súain aréir.
In dheireadh a laethe bhí sí ag teacht o Fhaoide go Cúalach núair a fuáir sí bás. Bhí a ciseán ar a drom aici agus é lán de thrupán agus de bháirneachaibh agus le linn di beith ag tógaint coiscéime o Cnoc Úaire go dtí Cúlach do leagadh í in aice na trágha agus bhúail sí a ceann i gcoinnibh cloiche agus d'fhan sí ann marbh i bfuirim carraige. Tá an cairrig le feiscint ann anois - crot mná agus ciseán ar a drom, ar an gcarrig- Collector
- Seán Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 14
- Address
- Fuhur, Co. Cork
- Informant
- Ellen Murphy
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 80