School: Doire Chonaire (roll number 4845)
- Location:
- Derryconnery, Co. Cork
- Teacher: Éamonn de Paor
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Chonaire
- XML Page 374
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí fear ag scoraidheacht aon oidhche amháin agus...”
Bhí fear ag scoraidheacht aon oidhche amháin agus bhúaileadh bean roimis gach oidhche agus d'innis sé des na daoine é agus dúbhairt sé go mbeadh fhios aige an raibh sí beó nó marbh agus an oidhche sin bhúail sí roimis arís agus chúaidh sé in achrann uirthi agus bhain sé an clóca di agus chuaidh sé abhaile leis agus do lean sí é agus thug sé bíadh agus deoch agus éadach di agus bhí gach aon nídh ag dul go maith ach aon lá amháin thánaig bean d'es na cómharsain isteach agus bhíodhar ag ithe a ndinneár agus dúbharadar léi suidhe isteach chun an mbúird agus dúbhairt sí ná dheanfheadh agus do gháir an bhean agus aon lá amháin eile do mhairbh sé caoire dhubh agus do gháir sí arís agus aon lá amháin bhí sé ag stóáil an tíghe agus do chaith se an clóca anúas agus do rug sí air agus d'imthig sí leis(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Sheaghdha
- Gender
- Female
- Address
- Muccurragh, Co. Cork