School: Doire Chonaire (roll number 4845)
- Location:
- Derryconnery, Co. Cork
- Teacher: Éamonn de Paor
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Chonaire
- XML Page 442
- XML “Cúram na gCos”
- XML “Uisce na gCos”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)arís do bhainidís na bróga díobhtha arís chun íad do spáráil. Do dheinidís an cleas ceadhna núair a bheidís ag dul go dtí an margadh. Ní raibh púinn greasaithe ann fadó acht ceann annso agus annsúd. Tá go leór aca ann anois deisigheann síad seana bhróga cuireann síad buinn fútha. Fúaghann síad taobhíní ortha núair a bhíonn na h-uachtair briste.
- Tá sé raidhte ag na sean daoine ná fuil sé ceart uisce na gcos do chaitheadh amach san oidhche chun go dtagadh an mhaidin agus é chaitheamh amach ansan agus gan é fhágaint istig indhiaidh a h-ocht a chlog ar maidin. Núair a bhíodh na daoine a níghe a gcos san oidhche ní leogaidís aon bhraon don uisce a thuiteamh ar lic na teine mar bhíodh na daoine maithe 'na ndiaidh san oidhche. Bhí gréasaidhe na cómhnuidhe i nDoire na Fola fadó agus an Greasaidhe líath a tugtí air. Bhíodh sé ag deanamh bróg agus á ndeisiú.(continues on next page)
- Informant
- Tadhg Ó Cradhlaoich
- Gender
- Male