School: Doire Chonaire (roll number 4845)
- Location:
- Derryconnery, Co. Cork
- Teacher: Éamonn de Paor
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Chonaire
- XML Page 383
- XML “Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An té go mbíodh bruitíneach air bhíodh sé mar leigheas ag na sean-daoine cróchar na gcaorach a bhailiú agus é chur isteach go h-árthus agus uisce chur tímcheall air agus é bheiriú agus nuair a bhíodh sé beirithe géobhaidis dhóthain len ól thubarfaidís don duine breóidte le'n ól é. Chlúdóchiaidís súas go maith é le planncaodaí teasaí chun alluis a bhaint as féachaint a gcuireadh sé na bruitíneach amach.
An té go mbíodh an trioch air bhí mar leigheas achu go dtugaidís fuighleac an fherréid do. agus sé an cuma thugfaidís fuighleach an ferréid do ná thubhairfaidís baine chun an fherréid agus d'ólfadh sé cuid de'n bhaine agus thógfaidís úaidh an t-árthus annsan agus tugadh síad an méid bainne a beadh san árthus indhíaidh an fherréid le'n ól de'n té go mbíodh an trioch air.- Informant
- Tadhg Ó Cruádhlaoich
- Gender
- Male
- Address
- Derryconnery, Co. Cork