School: Doire Chonaire (roll number 4845)

Location:
Derryconnery, Co. Cork
Teacher:
Éamonn de Paor
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 403

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 403

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire Chonaire
  2. XML Page 403
  3. XML “An Ghorta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    thugaidís puinn do alán daoine. Thugadís alán feóla d'á a lucht leanamhna féin. Do chuireadh amach ó India d'os na daoine. Do lobhaidh an rís ortha agus do caiteadar amach san bfairrge í. Bhídís ag ithe an praiseach buidhe a fhásadh ins na goirt. Fúaireadh fear bocht marbh tímcheall an bhaill so agus do bhí ceithre malaí prátaí aige. Do fuair fear eile bás, tar-éis cúpla prátaí d'ithe, fúair sé bás sa Gleann-Garbh. Ní chuiridís íad i roilig ná i dteampall acht ins an áit a gheibhidís bás. Criocháin do fhás an tríomhadh blían agus "Blían na gCriocán" a tugtar air. D'fás na prátaí an ceathramhadh blíain ar nós clocha na trágha. Bhíodh gáirdín beag cabáiste ag na daoine agus caithfidís é fhaire ar feadh na h-oidhche ar eagla go goidfí úatha é. Bhídís ag cluiche fíadhna isteach chun íad do mharbhú agus do chuiridís ar salann íad íad fé an dtalamh san a gheobhfaí íad.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Informant
    Peig Ní Shúileabháin
    Gender
    Female