School: Doire Chonaire (roll number 4845)
- Location:
- Derryconnery, Co. Cork
- Teacher: Éamonn de Paor
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Chonaire
- XML Page 415
- XML “Bóithre an Cheantair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)theannta.BÓTHAR na GAIBHLE: -
Deineadh an bóthar sin tímcheall céad go leith blían ó shoin. 'Sé an úsáid a deineadh den bóthar sin ná go mbíodh bean ag rith an phuist darb ainm di Cáit Ní Sheaghdha ó Beanntraighe go dtí Béara agus is é an slíghe a gheóbhadh sí ná do shiubhaladh sí go dtí an Gleann Garbh agus as san súas go dtí an Cómarcáin[?] agus as san síar go dtí Beárna na Maidí atá síar ag an Mághgeanagáin agus bóthar na Gaibhle síar go dtí an Leaca Bhán agus núair a bhíodh sí féin agus a mac ag eirighe ar maidin deireadh sí le na mac:-
"A Dhonnachadh a laogh, cuir leite id hata,
Tá Béara dealbh agus tá an bóthar fada,
A Donnachad a laogh, cuir min id hata."BÓTHAR CAITHINE:-
Deineadh an bóthar sin tímcheall seasca blían ó shoin agus is é an págh lae a bhíodh acu ná cúpla pingin agus do gheibhidís leite nó praisce i lár an lae chun dinnéir. Tá an bóthar sin in úsáid fós agus is olc atá sé anois.- Informant
- Neil Ní Shúileabháin
- Gender
- Female
- Address
- Bocarnagh, Co. Cork