Scoil: Doire Chonaire (uimhir rolla 4845)
- Suíomh:
- Doire Chonaire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn de Paor
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chonaire
- XML Leathanach 442
- XML “Cúram na gCos”
- XML “Uisce na gCos”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)arís do bhainidís na bróga díobhtha arís chun íad do spáráil. Do dheinidís an cleas ceadhna núair a bheidís ag dul go dtí an margadh. Ní raibh púinn greasaithe ann fadó acht ceann annso agus annsúd. Tá go leór aca ann anois deisigheann síad seana bhróga cuireann síad buinn fútha. Fúaghann síad taobhíní ortha núair a bhíonn na h-uachtair briste.
- Tá sé raidhte ag na sean daoine ná fuil sé ceart uisce na gcos do chaitheadh amach san oidhche chun go dtagadh an mhaidin agus é chaitheamh amach ansan agus gan é fhágaint istig indhiaidh a h-ocht a chlog ar maidin. Núair a bhíodh na daoine a níghe a gcos san oidhche ní leogaidís aon bhraon don uisce a thuiteamh ar lic na teine mar bhíodh na daoine maithe 'na ndiaidh san oidhche. Bhí gréasaidhe na cómhnuidhe i nDoire na Fola fadó agus an Greasaidhe líath a tugtí air. Bhíodh sé ag deanamh bróg agus á ndeisiú.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Cradhlaoich
- Inscne
- Fireann