School: Carraig an Ime (roll number 4457)
- Location:
- Carriganimmy, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Luasa
![The Schools’ Collection, Volume 0327, Page 007](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0327%2FCBES_0327_007.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0327, Page 007
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)iad arís. Bhí sé cun iad a marbhú. Ba mhaith leis an fear an mac a cur abhaile igcóir úirlis éigin agus dubhairt an duine uasail go gcuirfeadh sé a mac féin na' comhair. D'iarr sé cad abhí uaidh "Cam is díreach" ar seisean. Nuair a tháinig an duine uasail go dtí an bean bhí fhios aici go raibh droch gnó ar siubhal. D'íarr sí air cad abhí uaidh "Cam is díreach" ar seisean. "Ó tá sé annso istigh i bosca mór ata ar thaobh an tíghe." D'oscail sí an bosca agus dubhairt sí leis cromadh síos mar gur raibh sé istigh na bhun. Nuair abhí sé ag cromadh síos rug sí ar a dhá chois agus caith sí isteach sa bhosca é agus dhún sí é. "Is tusa an cam anois agus fanfaidh tú annsan go dtagadh an díreach." Do leig an duine uasail an fear agus an mac abhaile agus nuair a thánadar abhaile leig an bean an fear as an bosca. Ba mhaith an bhail air an lá a phós sé an cailín a thug an craiceann 'sa luach do.
- Collector
- Máire Ní Cheilleachair
- Gender
- Female
- Address
- Knockraheen, Co. Cork
- Informant
- Diarmuid Ó Buachalla
- Gender
- Male
- Address
- Knockraheen, Co. Cork