Scoil: Carraig an Ime (uimhir rolla 4457)
- Suíomh:
- Carriganimmy, Co. Cork
- Múinteoir: Seán Ó Luasa
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0327, Leathanach 057](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0327%2FCBES_0327_057.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0327, Leathanach 057
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is deallrac le breag é ach b'feidir é beith fior. Ba dheacair liom a creideamhaint nó go ruaigheadh (?) an Abráin agus na Bealtaine pé sneachta a bheadh in aon pháirt ó Eirinn gan aon abhair (?) on mbrothall abeadh as san go lá le' Fe 'n Seáin.Ó is ag tagairt do Mhuisire in aon chor dom is cóír dom sgeilín eile a innsint mar geall air. Garsún ón gCáitigh a chuaidh ann lá áirithe (?) nuair bá córa agus ba cirte do bheith ar sgoil dó féin. D'fan sé sa bhaile ó sgoil ar fead suim eigin laetheanta t'réis lae Mhuisire agus nuair a mhothuidh an maighistir uaidh chuir sé a thuairisg ar dritheair do a bhí ar sgoil. "Tá cos tinne aige" arsa an dritheair. "Cad d'imtig ar do'n (?) chos?" arsa an maigistir. "Thuit sé anuas de Mhuisire lá Fe 'n' Seain" arsa an drithair "agus gortuigeadh a chos."
- "Ceo ar Mhuisire agus Clárach lom
An cómhartha soininne is fearr ar domhan
Ceó ar Chlárach agus Muisire lom
An Cómhartha doininne is fearr ar domhan"(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Diarmuid Ó Conchubhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Daingean na Saileach, Co. Cork
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Laoghaire
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Lios Carragáin, Co. Cork