School: Baile Mhúirne (C.)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0331, Page 004

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0331, Page 004

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 004
  3. XML “Scéal na Bó Brice”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    é a dhéanamh?" ar sise. "Táim" ar sise. "Cadée an saghas cuma is maith leat e a shníomh?" arsan beanín "Leath dí fineálta, snáithín ana caol ar a leath agus snáithín ná beidh chómh caol ar an leath eile" "Cad a bheidh á' iarraidh agat?" arsa bean a' tíghe "Neósfhad san duit" arsan beanín "caithfidh tú m'ainm a innsint dom nuair a bheidh an lín sníomhtha agam."
    Do fuair sí mála ana mhór agus do chuir sí an lín isteach ann. "Ní fhéadfá é a thabhairt ar aon cuma" arsa bean an tíghe léi "D'fhéadfainn mhaise" arsan beanín "dá mbeadh sé dhá uaire níos mó raghfainn leat" arsa bean a' tíghe "Ní raghaidh tú" ar sise "agus dún an doras nuair a raghad amac agus bead-sa ag faire féachaint an mbeidh sé dúnta agus fág dúnta é ar feadh ceathramhadh uaire" ar sise. Do dhein sí é agus nuair a oscail sí an doras ní raibh tuairisg ar bean an lín Nuair abhí an ceathramhad cuid de'n lín druidim léi bhí eagla ag teacht urithi mar ní raibh a fhios aici cad é an ainm abhí urithi.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0500: The Name of the Helper
    Language
    Irish