School: Leaca Riabhach, Maghcromtha (roll number 9243)
- Location:
- Lackareagh, Co. Cork
- Teacher: Máiréad de Búrca
![The Schools’ Collection, Volume 0340, Page 046](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0340%2FCBES_0340_046.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0340, Page 046
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear agus a mhac ann fadó. Doctúirí a b'eadh iad, agus bhí nós acu dul go dtí reilg gach oidhche cun na chuirp d'fágail, agus iad a thógaint abhaile cun scrudú a dhéanamh ortha. Aon oidhche amháin thángadar mar ba gnáth Nuair a bhíodar istig, cuaidh fear thar an reilg, agus nuair a connaic sé an beirt acu istig bhí fhios aige cad a bhí á dhéanamh acu. D'fhan sé i bhfolac go dtí gur chuireadar an corp istig ins an gcárr a bhí amuigh ar an mbóthar. Annsan cúadhar isteac airís agus nuair a bhíodar istig thóg an fear an corp amac agus cuir sé i bfolac é Chuaidh sé féin isteac sa chárr in inead an chuirp. Nuair a thainig na dochtúirí amach airís[?] shuidheadar isteac agus as go brách leo.
Núair a bhí an capall ag sodar bhí an "chorp" ag sleamhnugadh siar, agus dúbhairt an t-athair leis an mac, "Cuir sior do lámh agus socruig an "corp". Cuir an mac a lámh siar agus do mhothuigh sé an teódhact as, ach níor dúbhairt sé aon rud. Taréis tamaill eile bhí an "corp" ag sleamhnughadh airis agus dúbhairt an t-athair, "Cuir siar do lámh airís agus socruig an 'corp' "Cuir siar do lámh tú féin," ars' an(continues on next page)