School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
- Location:
- Macroom, Co. Cork
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
- XML Page 283
- XML “Eoghan Rua”
- XML “An Gaorthadh Cois Laoi - Seanchas agus Filíocht ag Baint Leis”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí Eogan Ruadh ag gabháil an bóthar lá i- n-aice Magh Cromhtha. Chonnaic sé fear ag cur coirce, agus ós rud é go raibh ocras air chuaidh sé isteach sa pháirc. Shíl sé go ndéurfadh an feirmeóir leis greim le n-ithe a bheith aige ar dtúis, acht níor dhubhairt. Nuair dubhairt Eóghan go gcuideóchadh sé leis bhí an feirmeóir sásta. Thug sé buicéad coirce dho agus dubhairt leis bheith á scaipeadh. Nuair a thóg Eóghan an chéad dorn, bhí fearg air agus seo mar adubhairt :- A haon gan séan ná rath ort mar iomaire ghuirt, An Dara h-aon, go léir ná tagair-sé tuigh, An tríomhadh h-aon, léan agus scaip do shliocht agus an ceathramh adh h-aon, caor go leagaidh do thig. Chaith sé an buicéid uaidh agus d'imthigh se leis.
- Tímpeall trí mhíle leas-thiar-theas de(continues on next page)