School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (roll number 10047)
- Location:
- Macroom, Co. Cork
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)beag de féin ar an dtaoibh thuaidh de'n droichead.
Is annsan atá an caisleán suidhte - foithin ann ó'n tSléibhín; ach é indan é féin do chosaint san am chéadna. Sé an chúis gur tógadh an caisleán annso ná go raibh áth treasna an tSuláin ag an bpannte seo, agus leis, go raibh geata na céime go dtí an t-iarthar-thuaisceart le fagháil annso. Rud eile, bhí an áit ana-oireamhnach do lucht chosanta an chaisleáin. Ar thaobh amháin, tá an abha agus mar sin, do bhéadh sé ana-dheacair do lucht gabhála, an caisleán do thógáil go mór-mhór an muna mbéadh nach raibh gunnaí móra láidre.
Deirtear gur in aimsir Sheáin a bheith 'na rí ar Shasana a cuireadh an caisleán ar bhun. Deireann cuid mhaith daoine gurab é Rí Seán féin a d'órduig é do thógháil, ach tá fhios againn na caisleáin a tógadh le cómhairluighadh Rí Sheáin agus níl sé 'na measg. Mar sin, is féidir an t-ainm seo do chur ar leath-taoibh. Deireann daoine eile gurb' iad Muinntear Carew a thóg é. Ach sé is dóchaighe ná gur dhein Muinntear Uí Fhloinn an caisleán do thógail mar gheibheann sé a ainm ó'n dáimh sin agus rud eile, bhí an treibh seo ana-láidir i Muscraighe agus bhíodar ann tamall maith sar a tháinig aon Sasanach go dtí an chuid sin d'Éirinn. Aonthuigheann an t-eolas sin le na bhfuil ráidhte thuas mar táthar beagnach cinnte go raibh caisleán éigin ann roimh aimsir Ríog Seán agus mar seo, san aois sin (1184-1210) tháinig Normánach agus thóg sé a chaisleán ar an áit chéadna.
Tímcheall na bliadhna 1750 bhí dhá túr cearnógacha ann tuairim 6 de throighthibh ar aoirde agus eatorra san bhí foirgneamh mór. Do bhí, sar ar dógadh é, suas le deich mbliana ó shoin, naoi seomraí is fiche san gcaislean. Bhí sé ceithre(continues on next page)- Collector
- Síobhan Ní Mhurchadha
- Gender
- Female
- Address
- Kilnarovanagh, Co. Cork
- Informant
- Séan Ó Mhurchadha
- Gender
- Male
- Address
- Tooms, Co. Cork