Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (uimhir rolla 10047)

Suíomh:
Macroom, Co. Cork
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0342, Leathanach 015

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0342, Leathanach 015

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 015
  3. XML “Luíochán Chill Mhichíl”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sa bhliain 1920 bhí na Gaill go nimhneach i mbun a ndroch-ghnótha i nÉirinn, ach is beag ball 'na rabhadar chómh fíochmhar agus bhíodar i n-iarthar Chorcaighe toisc gurb ann ba ghéire agus ba dhána a bhí an t-arm Gaolach ag tabhairt fútha. Bhí an ceann dob fhearr de'n scéal ag an arm Gaedhealach ann go minic.
    B-shin é an tráth a tugadh na "Auxies" anall ó Shasana mar chongnamh do'n arm Ghallda. Dream dána gan coinsias, gan eagla roimh Dia ná daoine, b'eadh iad san, agus taithighe ar fheabhas acu ar chúrsaí cogaidh. Bhí nead ag cuid acu i Mágh Chromdha, agus ní bhíodh stad leó ach ag dóigheadh, ag gabháil daoine, agus ag gabháil ortha go minic. Bhí scannradh ar na daoinibh rómpa agus níorbh iongna san.
    Do bheartuigheadh tabhairt fútha agus ceacht a mhúineadh dhóibh. Chuige sin do toghadh triochadh fear i measc buidheanta Airm na Poblachta i niarthar Corgaighe.
    Cruinnigheadh iad i n-aice Baile Caisleáin Cinneich lastuaidh de Bhéal Átha Fhinghin, agus chaitheadar cúig lá ann á gcur féin i n-oiriúint i gcóir an ghnímh a bhí rompa. Agus nár theastuigh oiriúint uatha? Ní raibh an tríú duine dhíobh riamh i gcath cheana, agus bhí fiche duine aca nár scaoil urchar as reidhfil do dtí san. Ach bhí a gcroidhe san obair, bhí grádh dá dtír ag lasadh ionta, agus bhí árd iontaoibh acu as Tomás de Barra, an taoiseach crodha, cliste, a bhí ós a gcionn.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Kilmichael, Co. Cork
    Bailitheoir
    Cáit Ní Bhredileuch
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cooldorragha, Co. Cork
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Murcadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cooldorragha, Co. Cork