School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (roll number 10047)

Location:
Macroom, Co. Cork
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0342, Page 150

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0342, Page 150

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Maghcromtha
  2. XML Page 150
  3. XML “Caisleán Charraig an Droichid”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    shoin i leith. Níl ann anois ach na sean fallaí agus iad clúdaighthe le h-eidhnéan: deirtear gur fé stuadh an droichid sin a bhí an croch fadó. Píosa cnáibe ceangailte den struadh a dhein an gnó agus fágadh an cuirptheacht ar sileadh annso go dtí gur bhris an téad nó amannta eile do dtí gur imthigh gach pioc d'en bhfeóil ón gcorp.
    De réir an béiloidis, b'as crann péirín a crochadh an t-Easbog Mac Aodhagáin le srian a chapall féin. Tá cuid den chrann sin le feiscint ann fós cómhgarach don chaisleán. Tógadh a chorp anuas den chrann annsan agus d'adhlachadh é i gCeann Ó' Bhuidhe gar don áit sin. Beirt bhuachaill darab ainm Ua Duinnín a dhein an obair carthannach sin. Ar an oidhche 'na dhiaidh sin, d'athruigheadar an corp go roilig Achthína. Is an atá sé curtha anois in uaig gan ainm agus is ann a bheidh sé go lá an luan. Innstear sgéal sa cheanntar mar gheall ar an gcrann-péirín úd - eachtra a thuit amach timcheall caoga blian i shoin anois.
    Chuaidh buachaillí chun na péirín do statadh den chrann. Do dheineadar dioghbháil don fhéar a bhí sa mhóinféir ag gábhail treasna na páirce dóibh agus gan amhras, bhí fearg an domhain ar an sealbhadóir le buile feirge as go brách leis agus dhein sé na croabha do leagadh i dtreo nach ndéanfar a thuille chur isteach ar a chuid talaimh. Ón lá san go dtí an lá indhiu, ní factas toraidh ar an gcrann gcéadna, ach tá sé clúguidhthe anois le h-eidhnéan. An maidin tar éis na craobha do leagaint, fuair an fear gur leis an pháirc a chapall agus é tachtadh in aice an chrainn sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Mhurthadha
    Gender
    Female
    Address
    Glasheen, Co. Cork